Réamhfhógra: Daonscoil na Mumhan 2025
- Dátaí: 10 Lúnasa (Domhnach) go 15 Lúnasa (Aoine)
- Téama na Seachtaine: Na Logainmneacha
Beidh mioneolas ar chlár/imeachtaí na Daonscoile ar fáil i mí Feabhra 2025
Daonscoil na Mumhan - Cúrsa Gaeilge - 2026
Ag Caomhnú na hOidhreachta
Léachtaí, scéalta, ranganna, amhráin, ceol, filíocht, craic agus béaloideas na nDéise.
Dátaí: Domhnach 9ú go hAoine 14ú Lúnasa 2026.
Teagmháil / Contact | Clár | Lóistín sa Cheantar | Nótaí Beathaisnéise | Daonscoil
Córas Iompar Poiblí
Aiseolas ó 2025
Dúirt “scoláirí” Dhaonscoil na Mumhan 2025 go raibh an t-atmaisféar cairdiúil, an fhoireann thiomanta, na léachtaí agus na ranganna ar ardchaighdeán, chomh maith leis na himeachtaí éagsúla cultúrtha agus sóisialta. Tugadh ardmholadh do fhoireann an Choláiste agus na bialainne, ar shaibhreas chultúr agus áilleacht Ghaeltacht na Rinne, agus ar an deis feabhas a chur ar an nGaeilge labhartha. Dúirt scata go raibh an tseachtain an-speisialta dóibh agus go mbeidís ag casadh ar ais.
Daonscoil na Mumhan 2026 - Clár
Dé Domhnaigh 9ú
- 4.00 i.n. Clárú
- 6.00 i.n. Tae
- 7.00 i.n. Oscailt Oifigiúil
- 8.00 i.n. Seisiún Amhránaíochta
- 9.30 i.n. Airneán – Seisiún sa Seomra Suite i dTigh Bríd
Dé Luain 10ú
- 9.30 r.n. Rang Amhránaíochta nó Rang Gaeilge
- 10.15 r.n. Rang Filíochta nó Rang Gaeilge
- 11.00 r.n. Sos tae nó caifé
- 11.30 r.n. Léacht an Lae: Liam Ó Riain, “Lámhscríbhinní i Leabharlann de Hindeberg”
- 1.00 i.n. Dinnéar
- 2.30 i.n. Ceardlann Ealaín nó Cluichí Clóis
- 5.00 i.n. Ceardlann Ghrianghrafadóireachta – Comórtas nó Ciorcal Comhrá le daoine áitiúla
- 6.00 i.n. Tae
- 7.30 i.n. Ióga 1
- 8.00 i.n. Céilí
- 9.30 i.n. Airneán – Seisiún sa Seomra Suite i dTigh Bríd
Dé Máirt 11ú
- 9.30 r.n. Rang Amhránaíochta nó Rang Gaeilge
- 10.15 r.n. Rang Filíochta nó Rang Gaeilge
- 11.00 r.n. Sos tae nó caifé
- 11.30 r.n. Léacht an Lae 2: Dearán Ó Droma “Cór Fear na nDéise – an scéal go dtí seo”
- 1.00 i.n. Dinnéar
- 2.30 i.n. Ceardlann Ealaíne nó Cluichí Clóis
- 5.00 i.n. Ióga 2 nó Ciorcal Comhrá le daoine áitiúla
- 6.00 i.n. Tae
- 7.30 i.n. Seoladh Leabhar: Scéal ó Carolina le hÁine Uí Fhoghlú. Céilí
- 9.30 i.n. Airneán – Seisiún sa Seomra Suite i dTigh Bríd
Dé Céadaoin 12ú
- 9.30 r.n. Rang Amhránaíochta ó Rang Gaeilge
- 10.15 r.n. Ceardlann Phróis nó Rang Gaeilge
- 11.00 r.n. Sos tae nó caifé
- 11.30 r.n. Cúirt Filíochta
- 1.00 i.n. Dinnéar
- 2.00 i.n. Turas Bus
- 5.00 i.n. Ciorcal Comhrá le daoine áitiúla
- 6.00 i.n. Tae
- 7.30 i.n. Quiz Boird
- 9.30 i.n. Seisiún Ceoil
Déardaoin 13ú
- 9.30 r.n. Rang Amhránaíochta nó Rang Gaeilge
- 10.15 r.n. Rang Filíochta nó Rang Gaeilge
- 11.00 r.n. Sos tae nó caifé
- 11.30 r.n. Léacht an Lae 3: An tOllamh Pádraig Ó Macháin - ‘Oidhreacht an dúchais in iarthar Déise’
- 1.00 i.n. Dinnéar
- 1.30 i.n. Ceistneoirí le líonadh
- 2.00 i.n. Ciorcal Comhrá
- 2.30 i.n. Siúlóid sa timpeallacht nó cluichí clóis
- 5.00 i.n. Ciorcal comhrá le daoine áitiúla nó Ceardlann ar Theicneolaíocht na Linne?
- 6.00 i.n. Tae
- 7.15 i.n. Aifreann na Daonscoile
- 8.30 i.n. Ceolchoirm na Daonscoile, Céilí agus Airneán sa Seomra Suite
Dé hAoine 14ú
- 9.30 r.n. Rang Amhránaíochta nó Rang Gaeilge
- 10.15 r.n. Rang Filíochta nó Rang Gaeilge
- 11.00 r.n. Sos tae nó caifé
- 11.15 r.n. Toradh na Grianghrafadóireachta
- 11.30r.n. Taispeántas
- 1.00 i.n. Dinnéar agus Scaradh na gCarad
Aifreann gach maidin, Luan - Aoine 8.15r.n. agus Paidrín ag 7.00i.n.
Beidh taispeántas ann de lámhscríbhinní, leabhair, cáipéisí, grianghraif agus eile ó Leabharlann de Hindeberg sa Choláiste ag an Dr. Aoibheann Nic Dhonnchadha agus eagrófar cuairteanna eolais ar an Leabharlann freisin.
Beir leat uirlisí ceoil más ag teacht duit!
Cláraigh
Cnag ar an
nasc seo chun d’áit ar an gcúrsa a chur in áirithe, lena n-áirítear lóistín agus táillí an chúrsa i gColáiste na Rinne.
Bíonn bia agus iostas ar fáil sa bhrú, ar láthair an Choláiste. Tá seomra singil, seomraí roinnte agus suanliosanna ann le háiseanna sláintíochta/seomraí folctha comhroinnte eatarthu.
Lóistín sa Cheantar
Cuireann Gaeltacht na nDéise agus an dúiche máguaird réimse roghanna lóistín ar fáil. Ó thithe lóistín compordacha go dtí tithe féinfhreastail agus tithe feirme traidisiúnta, bíonn fáilte chroíúil i dtimpeallacht nádúrtha san áit. Cé acu an bhfuil tú ag lorg a bheith cois trá, amuigh faoin aer, nó saoire chultúrtha, nó freastal ar imeachtaí áitiúla tá rogha lóistín den scoth ar fáil. Le tírdhreacha iontacha, aer úr, ar chósta na Gaeltachta, cinntíonn lóistín sa dúiche go mbaineann cuairteoirí sult agus taitneamh as saoire sa cheantar seo.
Seo thíos, mar eolas duit, roghanna iostais sa cheantar ach níl baint ag Daonscoil na Mumhan leis seo. Is don chuairteoir féin, teagmháil agus socruithe a dhéanamh díreach le lucht an lóistín.
Lóistín i dTithe Gaeltachta
- Miséil agus Marc de Grás, Baile na nGall, An Rinn, X35 X288
(086) 8115842 nó (087) 6164805
fad ó Choláiste na Rinne 1.8 km
- Bríd Uí Fhloinn, An Leith, An Rinn, X35 YR24
(086) 1592754
fad ó Choláiste na Rinne 3.5km
Lóistín eile
- Dún Ard Bed & Breakfast
An Rinn, Co. Phort Láirge
B&B cúig réalta atá suite ar shuíomh ardaithe le radharcanna iontacha ar Bhá Dhún Garbhán agus na Sléibhte. Tá an tigh maisithe go hálainn agus tá na seomraí fairsing agus compordach.
- Brownes Farmhouse
An Sean Phobal, Co. Phort Láirge
Tigh feirme athchóirithe a thairgeann lóistín féinfhreastail le meascán de shean-stíl agus áiseanna nua-aimseartha. Tá seomra suí le leabharlann agus tine oscailte ann, agus is féidir le suas le naonúr fanacht ann.
- Gortnadiha Lodge
An Rinn, Co. Phort Láirge
Tigh tuaithe galánta le radharcanna iontacha ar an bhFarraige Cheilteach agus gairdíní dea-bhunaithe. Tairgeann siad bricfeasta blasta le béim ar tháirgí orgánacha áitiúla.
- Seaview Guesthouse
An Rinn, Co. Phort Láirge
Tigh aíochta ceadaithe ag Fáilte Ireland le radharcanna farraige. Suíomh iontach chun an ceantar a iniúchadh.
- An Seanachaí Holiday Cottages
An Sean Phobal, Co. Phort Láirge
Cóiríocht féinfhreastail atá suite gairid do Choláiste na Rinne 5 km, ag tairiscint tighíní compordacha le háiseanna nua-aimseartha.
Féinfhreastal i gcoitinne
Airbnb | Ringville – Holiday Rentals & Places to Stay - County Waterford
Nótaí Beathaisnéise - Biographies
|
Liam Ó Riain
Is as an Sean Phobal do Liam. Tá an-suim aige i litríocht agus béaloideas a bhaineann lena cheantar dúchais agus tá clárú déanta aige ar lámhscríbhinní i Leabharlann Choláiste na Rinne. Tá sé mar bhall de Chór Fear na nDéise agus Aisteoirí an tSean Phobail agus freagraíonn sé dá ghairm i nGaelscoil Choráin, Eochaill.
|
|
|
Dearán Ó Droma
Is as Baile na nGall, Rinn Ua gCuanach é Dearán Ó Droma, áit a chónaíonn sé lena bhean chéile Gráinne agus ceathrar clainne.
Is múinteoir é i Meánscoil San Nioclás, ina dhiaidh dó tréimhse mhaith a chaitheamh ag freastal ar ollscoil agus ag múineadh sa Ghaillimh. Tá mórán baint aige le roinnt mhaith grúpaí agus coistí áitiúla agus is é bhunaigh Cór Fear na nDéise siar sa bhliain 2009. Tá an tír, agus níos faide i gcéin, taislithe ag an gcór, iad gníomhach ó cheann ceann na bliana agus dhá dhlúthdhiosca taifeadta acu.
|
|
|
An tOllamh Padraig Ó Macháin
Ollamh le Gaeilge Nua-Aimseartha in Ollscoil Chorcaí. Bhí sé ina Ollamh roimhe seo i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
Tá na blianta siar caite aige ag taighde na Gaeilge, traidisiún lámhscríbhinní na hÉireann, agus stair agus ábharthacht fhisiciúil leabhar na hÉireann.
Tá sé tiomanta don staidéar ar an stair áitiúil agus do chur chun cinn na gceantar Gaeltachta mar lárionaid ar leith do chultúr na Gaeilge. Ag tógaint ar sin tá eagarthóireacht déanta aige ar : Ossory, Laois and Leinster agus An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise.
|
|
|
File na Daonscoile: Colm Ó Ceallacháin
Tá Colm Ó Ceallacháin i mbun na ceardlainne scríbhneoireachta “Peann agus Pár” i leabharlann Shráid an Chapaill Bhuí i gCorcaigh ó 2018. Foilsíodh dánta leis insan Strokestown Poetry Anthology 4 agus in Aneas 1. D’fhoilsigh Leabhar Breac a dhara cnuasach gearrscéalta, Ré na bhFathach, i 2021, leabhar a bhain áit amach ar ghearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana ag an Post Book Awards, 2021.
Ghnóthaigh a úrscéal Fiche an chéad duais d’úrscéal liteartha ag Oireachtas na Gaeilge, 2023, chomh maith leis an duais do bhuaic-shaothar próis na bliana ag an gcomórtas céanna.
|
|
|
Ceardlann Ealaíne: Máire Bn Uí Dhrisceoil
Déanann Máire obair in ilomad meán; péintéireacht, teicstíl agus baitíc. D'fhreastail sí ar Choláiste Ealaíne Mhuileann an Ghrianáin, Baile Mhic Andáin, agus fé lathair tá ina bhall den Open Studio, KCAT, Calainn. Tá Máire ag súil go mór an Ceárdlann Ealaíne a chur i láthair ag Daonscoil na Mumhan i mbliana.
|
|
|
Seisiún Amhránaíochta: Ann Mulqueen Uí Chéilleachair
Ní bheimis faoi lán tseoil gan Banríon na nAmhráin í féin, ar oíche oscailte na Daonscoile. Tá ainm Ann Mulqueen i mbéal an phobail amhránaithe in Éirinn agus ar fúd an domhain le fada an lá. Tá an t-úfás gradam bronnta uirthi ach an rud is ansa leí ná bheith ag 'moladh an óige' ina clann féin agus in áítiúlacht na Rinne, agus tacadh leotha caighdeán árd a bhaint amach san amhránaíocht.
|
|
|
Rang Amhránaíochta: Áine Ní Fhiannusa
Is breá le hÁine bheith ag canadh agus ag roinnt amhrántí na nDéise go háirithe. Bíonn a cuid ranganna beo, bríomhar agus taitneamhach. Tá sí sáite sa chultúr, agus í ina Uachtarán Idirnáisiúta ar an gComhdháil Cheilteach ó 2018. Cuireann Áine fáilte is fiche roimh gach éinne chuig an Daonscoil agus molann sí clár na bliana seo do chách.
|
|
|
Rang Gaeilge: Celine Ní Chóchlaigh
Is Corcaíoch agus iar-mhúinteoir meánscoile í Celine atá cónaí uirthi i gCarraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann. Tá sí mar bhall de Choiste Gnó Conradh na Gaeilge, agus tá baint aici le fada ag eagrú neart imeachtaí timpeall an chontae chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá baint aici le fada chomh maith le Daonscoil na Mumhan, agus tá sí anois mar mhúinteoir ranga Gaeilge le roinnt blianta anuas.
|
|
|
Rang Gaeilge: Bernadette Watson
Rugadh agus tógadh Bernadette i mBaile Átha Cliath ach tá cónaí uirthi i gCo. an Chláir le fiche bliain anuas. Is iarmhúinteoir bunscoile í ach sna laethanta seo is le foghlaimeoirí fásta den chuid is mó a bhíonn sí ag obair. Tá céim mháistreachta bainte amach aici i dTeagasc Teangacha ó Ollscoil na Gaillimhe. Tá an-spéis aici sa stair áitiúil agus taighde déanta aici ar an Ghaeilge in Oirthear an Chláir. Bíonn sí ag freastal ar Daonscoil na Mumhan gach bliain agus i mbun rang drámaíochta ansin le cúpla bliain anuas.
|
|
Daonscoil
Stair:
Bunaíodh an Daonscoil i ndiaidh mholadh Phádraig Uí hÍceadha i 1952 tionól bliantúil Gaeilge a reáchtáil. Tharla an chéad Daonscoil i gColáiste na Rinne, áit a mbíonn sí ar siúl ó shin i leith.
Is é aidhm na Daonscoile daoine a thumadh sa Ghaeilge agus sa chultúr trí imeachtaí oideachais agus sóisialta éagsúla, le fís na hÉireann ath-Ghaelaithe mar chúlra. Reáchtáiltear í i gColáiste na Rinne, i nGaeltacht na nDéise, ionad atá lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge le breis agus céad bliain.
Feidhmeoidh Daonscoil na Mumhan mar fhochoiste de Choláiste na Rinne ó 2026 ar aghaidh. Mhaireadar ar scáth a chéile ó 1953 i leith.
History:
The Daonscoil was founded following a proposal by Pádraig Ó hÍceadha in 1952 to establish an annual Irish-language gathering. The first event was held at Coláiste na Rinne, where the Daonscoil has taken place ever since.
Held each August, the Daonscoil aims to immerse participants in the Irish language and culture through a variety of educational and social activities. It is rooted in the vision of a re-Gaelicised Ireland and highlights the importance of Irish as a living, spoken language. The school is hosted at Coláiste na Rinne in the Déise Gaeltacht, an institution with a long-standing role in the promotion of Irish language and culture.
Daonscoil na Mumhan will operate from 2026 onwards as a subcommittee of Coláiste na Rinne. The shared relationship dates back to the beginning in 1953.
Teagmháil / Contact
Cathaoirleach:Áine Ní Fhiannusa
r/phost:
ainecnif@gmail.com
Fón:
+353-86-2227533
Rúnaí:
Liam Suipéil
r/phost:
runai@daonscoilnamumhan.com