Teagmháil / Contact
E-phost: aingealtoibin@gmail.com

Liam Mac Cionnaith,
Cisteoir na Daonscoile,
Móin Minit,
Cathair Chinn Lis,
Co. Luimní

Daonscoil na Mumhan Cúrsa Gaeilge

Sábháil an dáta
Beidh Daonscoil na Mumhan 2024 ar siúl ón 11 go dtí an 16 Lúnasa seo chughainn. “Deoraithe na nDéise” a bheidh mar théama againn i mbliana. Tuilleadh eolais ag teacht.
Save the date
Daonscoil na Mumhan 2024 will take place from the 11th to the 16th of August next. This year’s theme will be “Déise Exiles”. More information will follow.
Public Transport

Téama: "70 Bliain Faoi Bhláth"

Daonscoil na Mumhan 2023 - Clár

Foirm Chlárúcháin 2022 (pdf)

Domhnach 13 Lúnasa
4 i.n. ar aghaidh:Clárú
6 i.n.Tae
7.00 i.n.Oscailt Oifigiúil: Áine Uí Fhoghlú
7.30 i.n.Seisiún Amhránaíochta: Anne Mulqueen
8.30 i.n.Airneán
Luan 14 Lúnasa
9.30-10.15Rang Amhránaíochta: Áine Ní Fhiannusa nó Rang Gaeilge: Celine Ní Chóchlaigh
10.15-11.00Rang Filíochta: Colm Ó Ceallacháin nó Rang Drámaíochta: Bernadette Watson
11.00-11.30Sos Tae/Caifé
11.30-12.30Léacht an Lae 1: Muireann Ní Dhomhnaill Mhic Dhonnchadha
1.00-2.00Dinnéar
2.30-3.15Ióga Beir mata ióga leat, le do thoil
6.00Tae
7.00-8.30Scannán "Frank agus Róise"
8.30Seoladh Leabhar le Catherine Foley agus Mícheál Ó Conghaile
10.00Airneán
Máirt 15 Lúnasa
9.30-10.15Rang Amhránaíochta/Rang Gaeilge
10.15-11.00Rang Filíochta/Rang Drámaíochta
11.30-12.30Léacht an Lae 2: Cuan Ó Seireadáin
1.00-2.00Dinnéar
2.30-3.15Ceardlann Agallamh Beirte/Lúibíní
3.30-4.15Ióga Beir mata ióga leat, le do thoil
7.30Seoladh “An Linn Bhuí” 2022 agus 2023
10.00Airneán
Céadaoin 16 Lúnasa
9.30-10.15Rang Amhránaíochta/Rang Gaeilge
10.15-11.00Ceardlann Próis/Rang Drámaíochta
11.30-12.30Cúirt Filíochta
1.00-2.00Dinnéar
2.30-3.30Siúlóid sa Chois (Coinigéar)
7.00-9.00Quiz Boird
9.00/9.30+Seisiún ceoil i dTigh Uí Mhuirithe
Déardaoin 17 Lúnasa
9.30-10.15Rang Amhránaíochta/Rang Gaeilge
10.15-11.00Rang Filíochta/Rang Drámaíochta
11.30-12.30Léacht an Lae 3: Pádraig Ó Cearbhaill
1.00-2.00Dinnéar
2.30-3.30Siúlóid na Reiligí
7.15-8.00Aifreann na Daonscoile
8.30-9.30Ceolchoirm na Daonscoile
Aoine 18 Lúnasa
9.30-10.15Rang Amhránaíochta/Rang Gaeilge
10.15-11.00Rang Filíochta/Rang Drámaíochta
11.30-12.30Taispeántas Drámaíochta
1.00-2.00Dinnéar
2.00Scaradh na gCarad
Gach lá
8.15 r.n.Aifreann
9.00 r.n.Bricfeasta
11.00-11.30 r.n.Sos tae nó caifé
1.00Dinnéar
6.00Tae
7.00Paidrín
10.00Airneán

Nótaí beathaisnéise - Biographies

Muireann Ní Dhomhnaill Mhic Dhonnchadha: "Cuimhní Cinn"
Rugadh agus tógadh Muireann i nGaeltacht na Rinne. Bhí a hathair Mícheál Ó Domhnaill ina bhainisteoir ar Choláiste na Rinne agus is anseo a chaith sí blianta a hóige. Chaith sí triocha cúig bliain mar mhúinteoir bunscoile, i gCill Chainnigh, i Scoil na Leanaí agus I Scoil Gharbháin i nDún Garbhán.


Cuan Ó Seireadáin: "Conradh na Gaeilge agus na Stáit Nua: Athbheochan na Gaeilge sna 1920í"
Rugadh Cuan Ó Seireadáin i mBaile Átha Cliath, agus tá sé ag obair le Conradh na Gaeilge ó fostaíodh é mar Fheidhmeannach Chumarsáide i 2014. Rinne sé comhordú ar chomóradh Chonradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca in 2016. Tá sé ag obair mar Choimeádaí leis an eagraíocht anois. I measc na tionscnaimh a thionscnaigh Cuan tá: digitiú ar An Claidheamh Soluis agus ar leabhair Ard-Fheise Chonradh na Gaeilge, cur i dtaisce cartlann Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus cuidiú lena catalógú, léiriú teilifíse ar stair cheannáras na heagraíochta ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair. Tá Cuan mar chathaoirleach ar Raidió na Life.


Pádraig Ó Cearbhaill: "An Daonscoil: Giniúint agus Forás"
Tógadh Pádraig Ó Cearbhaill i gCo. Luimnigh, Iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha sa mBrainse Logainmneacha is ea é. Tá idir leabhair agus ailt scríofa aige ar logainmneacha mar aon le hábhar ar an amhránaíocht dhúchasach agus ar fhilíocht aiceanta na Mumhan. An leabhar is déanaí dá chuid ná Séamas (‘An Setter’) Ó Caoindealbháin: Amhráin agus Dánta a d’fhoilsigh Coiscéim sa mbliain 2022. Tá cnuasach filíochta Ioruaise aistrithe go Gaeilge aige agus cuirfear leagan dátheangach i gcló ar ball. Tá roinnt mhaith amhrán traidisiúnta taifeadta aige agus chuir sé guth le filíocht Uilliam English.


Daonscoil

Payment Details
ACCOUNT NAME/AINM AN CHUNTAIS: Daonscoil na Mumhan
IBAN: IE47 AIBK 9354 7606 3030 53
BIC: AIBKIE2D

Unfortunately we do not offer the option of payment by card. Is oth linn a rá nach bhfuil córas íocaíochta le cártaí ar fail.

Cuspóir agus Fealsúnacht
Bunaíodh Daonscoil na Mumhan mar sheachtain chaidrimh agus oideachais do dhaoine fásta a labraíonn an Ghaeilge - seacht lá ina shnaidhmfí forbairt chultúrtha agus foghlaim, cairdeas agus canadh, ceol agus cadráil, éisteacht le malairt tuairime agus lorg fios fátha. Sos é freisin ó thiaráil na bliana fada, saoire in aice na farraige.

Bíonn fís na hÉireann athGhaelaithe mar chúlra don Daonscoil agus déantar talamh slán de gur rí-thábhachtach don náisiún ár dteanga féin a bheith á labhairt.

Aims and History
The Munster Folk School was established in 1953 as an educational week for adults mostly. The educational methods used ensure a most enjoyable week is had by all - lectures, debates, symposia, classes for all levels of Irish language competence, poetry reading, recitals, recitation and poetry writing, art classes, a variety of games, swimming, hill walking, bus tours, music, choral singing and more.

A vision of Ireland where the Irish language flourishes imbues everything we do at the Daonscoil. As is obvious, all aspects of Irish culture are encouraged.

Stair na Daonscoile
I 1952 mhol Pádraig Ó hÍceadha, feirmeoir óg ó Dhúthalla, gur chóir tionól seachtaine do Ghaeilgeoirí a eagrú gach bliain. Ghlac Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge leis an moladh seo agus deineadh amhlaidh.

Le comhoibriú ón bhFear Mór, Bainisteoir Choláiste na Rinne sna Déise, bhí an chéad tionól sa Rinn. Agus is i gColáiste na Rinne a tionóladh gach Daonscoil ó shin i leith. Níor tugadh "Daonscoil" ar an ócáid go ceann tamaill agus ní bhíodh aon téama faoi leith don tseachtain sna blianta tosaigh. Ní ba dhéanaí socraíodh ar théama a roghnú don scoil. Mar shampla ba é téama 2002 "Caoga Bliain faoi Bhláth".

Lean Pádraig Ó hÍceadha mar Stiúrthóir na Daonscoile ó 1953 go 1999. Tá Pádraig Ó Dálaigh ina Chisteoir ó 1958 i leith. Bhí a lán daoine eile, leis, a chaith a ndúthracht leis an tionsnamh.

Ó 1996 i leith bíonn Daonscoil an Fhómhair i nGuagán Barra, in Iarthar Chorcaí. Deireadh seachtaine i Mí Dheireadh Fómhair a roghnaítear don ócáid seo.

Seoladh leabhar cuimhní in ómós do Phádraig Ó hÍceadha sa Rinn i 2002.

History of the Daonscoil
Since its inception in 1953 at the suggestion of a young farmer, Pádraig Ó hÍceadha, the Daonscoil has been held at Coláiste na Rinne (Ring College) in County Waterford. In later years, a debate and discussion theme has been set each year. In 2002, for example, to celebrate the Daonscoil's 50th Anniversary, the theme was "Caoga Bliain Faoi Bhláth".

An additional autumn Folk School has also been held since 1996 in Guagán Barra in County Cork. It, too, has a special theme.

Payment Details
ACCOUNT NAME/AINM AN CHUNTAIS: Daonscoil na Mumhan
IBAN: IE47 AIBK 9354 7606 3030 53
BIC: AIBKIE2D

Unfortunately we do not offer the option of payment by card. Is oth linn a rá nach bhfuil córas íocaíochta le cártaí ar fail.