Teagmháil / Contact
E-phost: aingealtoibin@gmail.com

Liam Mac Cionnaith,
Cisteoir na Daonscoile,
Móin Minit,
Cathair Chinn Lis,
Co. Luimní

Daonscoil na Mumhan thar n-ais agus "An tOideachas agus Mórtas Cine" mar théama do chlár ar líne 2021

Clár/Programme   |   Daonscoil   | Nótaí beathaisnéise

“An tOideachas agus Mórtas Cine” an téama a bheidh ar Dhaonscoil na Mumhan na bliana seo, a bheidh ar siúl go fíorúil don chéad uair thar trí lá ón 17-19 Lúnasa 2021.

Seachas bailiú le chéile i gColáiste na Rinne mar a tharla le os cionn trí scór bliain anuas, beidh lucht freastal na Daonscoile in ann ceangail isteach go fíorúil ó fud fad na cruinne i mbliana chun freastal ar chlár imeachtaí de chainteanna, amhránaíocht, filíocht, litríocht srl. Tá áthas ar Choiste na Daonscoile a bheith in ann clár suimiúil a chur ar fáil arís i mbliana, le haoichainteoirí an-oilte ag caint mar gheall ar ghnéithe éagsúla den oideachas in Éirinn.

Beidh Donncha Ó Treasaigh ag labhairt ar Bhua an Ghaeloideachais agus conas an Ghaeilge a chur i mbéal an Phobail. Príomhoide bunaidh ar Ghaelcholáiste Luimnigh ba ea Donncha agus ceapadh é ina Stiúrthóir Scoileanna do Bhord Oideachais Luimnigh agus an Chláir i 2019. As an gCeapach Mhór i dTiobraid Árainn dó ó dhúchas.

Tá Seamie Ó Néill ina cheannaire ar Oideachas agus ina Stiúrthóir ar Shocrúchán Scoile sa Roinn Froebel de Bhunscolaíocht agus d’Oideachas Luath-óige in Ollscoil Mhá Nuad. Labhróidh seisean faoin dteideal, An Córas Oideachais: Moladh, Moltaí agus Ceisteanna. Thosaigh sé amach mar mhúinteoir bunscoile agus bhí sé ina dhiaidh sin ina phríomhoide ar Bhunscoil Bhanríon na nAingeal i mBaile Átha Cliath. Bhí sé mar bhall den gComhairle Náisiúnta Churaclaim agus tá sé sáite i ngach gné d’oideachas na n-óg.

Tá an tOllamh Teresa O’Doherty ina hUachtarán ar Institiúid Oideachais Marino ó 2018 agus tá sí ina hollamh comhoibrithe do Scoil Oideachais Choláiste na Tríonóide ó 2021. Labhróidh sí mar gheall ar an Oideachas agus Mórtas Cine i scoileanna ilchultúrtha, ilteangacha an lae inniu. Thosaigh sí a saol mar bhunmhúinteoir i Luimneach agus níos déanaí mar léachtóir in Ollscoil Luimnigh agus i gColáiste Oiliúna Mhuire gan Smál, áit a raibh sí ina léachtóir príomha agus ina ceannaire ar an Dámh Oideachais. Tá Treasa ina ball de réimse leathan coistí acadúla, proifisiúnta agus riarthóra agus tá sí freisin ina hUachtarán ar Chumann Staidéar Oideachas na hÉireann.

Chomh maith leis na haoi-chainteoirí thuasluaite, beidh Ranganna Amhránaíochta le Áine Ní Fhiannúsa ó Cheapach Choinn sna Déise. Tá cur amach thar an ghnáth ag Áine ar na hamhráin traidisiúnta agus cur chuige fuinniúil, tarraingteach aici. Tá sí ina hUachtarán Idirnáisiúnta ar an gComhdháil Cheilteach agus tá dlúth-bhaint aicí le fada an lá le Mainistir Mheilearaí, ag eagrú ócáidí agus chúrsaí ceoil ann.

Beidh rogha agat chomh maith freastal ar cheardlanna filíochta agus litríochta le Áine Uí Fhoghlú as Gaeltacht na nDéise, duine de mhórscríbneoirí nua-aimseartha na Gaeilge. Iar-mhúinteoir meánscoile a bhfuil iliomad leabhar foilsithe aicí thar na blianta, ina measc trí chnuasach filíochta agus úrscéalta do dhaoine fásta agus do dhéagóirí. Tabharfaidh Áine dhá rang faoi na teidil seo ag an Daonscoil i mbliana: ‘Laochra Déiseacha a d’fhág a rian ar an Oideachas’ agus ‘An Béaloideas sa Ghaeltacht; Oidhreacht Luachmhar le caomhnú’.

Más spéis leat cúrsaí grianghrafadóireachta, beidh suim agat freastal ar chaint mar gheall ar Cúrsaí grianghrafadóireachta agus an stair áitiúil le Liam Suipéil, iar-bhainisteoir ar Choláiste na Rinne, staraí áitiúil, údar agus scéalaí.

Tá áthas ar Choiste na Daonscoile a fhógairt go mbeidh an t-amhránaí clúiteach Anne Mulqueen linn arís i mbliana chun clabhsúr a chur le Daonscoil fíorúil na Mumhan. Ó Chaisleán Uí gConaing, Co. Luimnigh ó dhúchas, tá Anne lonnaithe le fada an lá i nGaeltacht na nDéise agus sean-chara í leis an Daonscoil.

Má tá suim agatsa freastal ar Dhaonscoil na Mumhan i mbliana is féidir an t-eolas ar fad, maraon le clár na Daonscoile a fháil ag www.daonscoilnamumhan.com. Is féidir freastal ar na himeachtaí seo go léir saor in aisce, ach caithfear clárú roimh ré chun go seolfar nasc chugat. Chun clárú, ní gá ach do sheoladh ríomhphoist a sheoladh chuig: aingealtoibin@gmail.com